Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag obair ar an talamh, ag treabhadh, ag rómhair bun agus barr, ní chuirtí rud ar bith amú. Tosaíodh ar an obair seo roimh Lá 'le Pádraig i mí na bhfuílloch (Feabhra) nuair a bhíodh an aimsir maith. Bhí se ag obair sa chládach, obair mhaslach. Ag obair le lea agus beithigh, dhéanadh siad cócaí do ar dtús agus nuair a bhíodh se tirim chuirtí ar an talamh é, bhí sé maith don fhéar. | 00:03:28 | |
D'fhág se an scoil ag 14. Bhí sé coisís fágtha nuair a fuair sé jab le Charlie Eoghain (Greene) ag obair mar sheirbhíseach tabhairne san ostán. Cur síos ar an obair a bhíodh sé ag déanamh. | 00:05:01 | |
Nuair a thosaigh na mná ag gabháil isteach sna tithe leanna i lár na 60aí. Ag obair san earrach i ndiaidh críochnadh sa bhearr. Cur síos ar an obair a rinne siad ar an phortach. Athrach mór ar mheoin na ndaoine ó shin. | 00:04:10 | |
Bhí saol sona suailceach aige agus bhain se sult as a chuid oibre. Cur síos ar an obair a rinne siad sna cuibhrinn, coirce, talamh, téarmaí. Toradh na hoibre agus an cuidiú óna comharsan. Ag obair leis an olainn, sníodh, cardáil a bhíodh na mná ag déanamh. Ní raibh an obair furasta ach bhí am ag achan duine dona chéile, tá athrach mór ar rudaí ó shin. | 00:07:36 | |
Bhain sé sult breá as a shaol agus níl sé buartha nach ndeachaigh sé ar aghaidh ar scoil. Bhain sé sult as tógáil ballaí cloiche. | 00:02:46 | |